ALTE logo - click for home page
Back to list of ALTE members
 
About Alte Members Framework and Can-Do Quality assurance Projects Events & Information
Gaeilge

Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad

An Córas Scrúdaithe

Scrúdú Bonnleibhéal 1

Scrúdú Bonnleibhéal 2

Scrúdú Meánleibhéal 1

Scrúdú Meánleibhéal 2

 

Scrúdú Bonnleibhéal 1

Tá ceithre aonad sa scrúdú seo:

  • Caint
  • Cluastuiscint
  • Léamhthuiscint
  • Scríobh

An Bhéaltriail

Leagan amach: Cuirtear scrúdú ar gach iarrthóir agus é ina aonar. Bíonn scrúdaitheoir amháin agus comhchainteoir amháin i láthair le linn an scrúdaithe. Déantar an bhéaltriail a thaifeadadh. Tá trí chuid san aonad seo.
Cuid a hAon: Freagraíonn an t-iarrthóir ceisteanna faoi féin agus faoina shaol laethúil (bunaithe ar shonraí an tsiollabais).
Cuid a Dó: Glacann an t-iarrthóir páirt i ról-imirt.
Cuid a Trí: Déanann an t-iarrthóir cur síos ar phictiúr.
Fad an scrúdaithe: 7-8 nóiméad.
Ualú: Tá 40% den mharc iomlán ag gabháil don Bhéaltriail. Is ionann líon na marcanna atá ag gabháil le gach cuid de.

An Scrúdú Cluastuisceana

Leagan amach: Tá ceithre chuid san aonad seo. Cloisfidh na hiarrthóirí  comhráite gearra neamhfhoirmeálta, cuntais, fógraí agus teachtaireachtaí teileafóin. Bíonn thart ar tríocha mír ar fad ann agus is iad seo na cineálacha tascanna a bhíonn i gceist: meaitseáil, ceisteanna iolroghnacha agus ceisteanna le freagraí gearra.
 Fad an scrúdaithe: Thart ar 20 nóiméad.
Ualú: Tá 25% den mharc iomlán ag gabháil don Scrúdú Cluastuisceana.

An Scrúdú Léamhthuisceana

Leagan amach: Tá cúig chuid san aonad seo. Léifidh an t-iarrthóir abairtí, comhráite agus téacsanna gearra a bhfuil baint acu leis an ngnáthshaol laethúil. Bíonn thart ar tríocha mír ar fad  ann agus is iad seo na cineálacha tascanna a bhíonn i gceist: 
meaitseáil, ceisteanna iolroghnacha, ceisteanna cloze agus ceisteanna fíor/bréagach/ní dheireann sé.
Fad an scrúdaithe: 90 nóiméad don Scrúdú Cluastuisceana agus don Scrúdú Scríofa le chéile.
Ualú: Tá 25% den mharc iomlán ag gabháil don Scrúdú Léamhthuisceana.

An Scrúdú Scríofa

Leagan amach: Tá dhá thasc san aonad seo den scrúdú. Sa chéad tasc, bíonn ar an iarrthóir bearnaí a líonadh i dtéacs (litir/ríomhphost). Is ceist iolroghnach í an dara tasc a dhéanann scrúdú ar chruinneas gramadaí.
Fad an scrúdaithe: 90 nóiméad don  Scrúdú Léamhthuisceana agus don Scrúdú Scríofa.
Ualú: Tá 10% den mharc iomlán ag gabháil don Scrúdú Scríofa.

Torthaí

Bronntar na grádanna a leanas sa scrúdú seo: Pas, Pas le Tuillteanas, Pas le Gradam. Is é 50% den mharc iomlán an pasmharc. Bronntar teastas ar na hiarrthóirí a éiríonn leo sa scrúdú.

Tuilleadh eolais ó: www.teg.ie

Top of the page