Scrúdú Bonnleibhéal 2
Tá ceithre aonad sa scrúdú seo:
- Caint
- Cluastuiscint
- Léamhthuiscint
- Scríobh
An Bhéaltriail
Leagan amach: Cuirtear scrúdú ar gach iarrthóir agus é ina aonar. Bíonn scrúdaitheoir amháin agus comhchainteoir amháin i láthair le linn an scrúdaithe. Déantar an bhéaltriail a thaifeadadh. Tá trí chuid san aonad seo.
Cuid a hAon: Freagraíonn an t-iarrthóir ceisteanna faoi féin agus faoina shaol laethúil (bunaithe ar shonraí an tsiollabais)
Cuid a Dó: Glacann an t-iarrthóir páirt i ról-imirt.
Cuid a Trí: Déanann an t-iarrthóir cur síos ar shraith pictiúr.
Fad an scrúdaithe: 9-10 nóiméad.
Ualú: Tá 35% den mharc iomlán ag gabháil don aonad seo. Tá Cuid a hAon, Cuid a Dó agus Cuid a Trí ar chomh-mharc
An Scrúdú Cluastuisceana
Leagan amach: Tá ceithre chuid san aonad seo. Cloisfidh na hiarrthóirí comhráite gearra neamhfhoirmeálta agus fógraí, chomh maith le comhrá níos faide agus plé ar ghnáthimeacht laethúil. Bíonn thart ar tríocha mír ar fad ann agus is iad seo na cineálacha tascanna a bhíonn i gceist: meaitseáil, ceisteanna iolroghnacha agus ceisteanna le freagraí gearra.
Fad an scrúdaithe: Thart ar 25 nóiméad
Ualú: Tá 25% den mharc iomlán ag gabháil don aonad seo.
An Scrúdú Léamhthuisceana
Leagan amach: Tá cúig chuid san aonad seo. Léifidh an t-iarrthóir comhráite agus téacsanna gearra a bhfuil baint acu leis an ngnáthshaol laethúil. Bíonn thart ar tríocha mír ar fad ann agus is iad seo na cineálacha tascanna a bhíonn i gceist:
meaitseáil, ceisteanna iolroghnacha, ceisteanna cloze agus ceisteanna fíor/bréagach/ní dheireann sé.
Fad an scrúdaithe: 90 nóiméad don Scrúdú Cluastuisceana agus don Scrúdú Scríofa.
Ualú: Tá 25% den mharc iomlán ag gabháil don Scrúdú Léamhthuisceana.
An Scrúdú Scríofa
Leagan amach: Tá trí thasc sa chuid seo den scrúdú. Sa chéad tasc, iarrtar ar na hiarrthóirí abairtí simplí a chumadh bunaithe ar méid áirithe pictiúr. Sa dara tasc, caithfidh an t-iarrthóir freagra gearr a scríobh ar chuireadh/ríomhphost. Sa tríú tasc, bíonn ar an iarrthóir na bearnaí i dtéacs (litir/ríomhphost srl) a líonadh.
Fad an scrúdaithe:90 nóiméad don Scrúdú Cluastuisceana agus don Scrúdú Scríofa le chéile.
Ualú: Tá 15% den mharc iomlán ag gabháil don Scrúdú Scríofa.
Torthaí
Bronntar na grádanna a leanas sa scrúdú seo: Pas, Pas le Tuilteanas, Pas le Gradam. Is é 50% den mharc iomlán an pasmharc. Bronntar teastas ar na hiarrthóirí a éiríonn leo sa scrúdú.
Tuilleadh eolais ó: www.teg.ie |