ALTE logo - click for home page
Back to list of ALTE members
 
About Alte Members Framework and Can-Do Quality assurance Projects Events & Information
Gaeilge

Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad

An Córas Scrúdaithe

Scrúdú Bonnleibhéal 1

Scrúdú Bonnleibhéal 2

Scrúdú Meánleibhéal 1

Scrúdú Meánleibhéal 2

 

Scrúdú Meánleibhéal 2

Tá ceithre aonad sa scrúdú seo:

  • Caint
  • Cluastuiscint
  • Léamhthuiscint
  • Scríobh

An Bhéaltriail

Leagan amach: Cuirtear scrúdú ar gach iarrthóir agus é ina aonar. Bíonn scrúdaitheoir amháin agus comhchainteoir amháin i láthair le linn an scrúdaithe. Déantar an bhéaltriail a thaifeadadh. Tá dhá chuid san aonad seo.
Cuid a hAon: Freagraíonn an t-iarrthóir ceisteanna faoi féin agus faoina shaol laethúil (bunaithe ar shonraí an tsiollabais).
Cuid a Dó: Déanann an t-iarrthóir cur síos ar phictiúr nó ar shraith pictiúr.
Fad an scrúdaithe: Thart ar 10 nóiméad.
Ualú: Tá 25% den mharc iomlán ag gabháil don aonad seo. Tá Cuid a hAon agus Cuid a Dó ar chomh-mharc

An Scrúdú Cluastuisceana

Leagan amach: Tá ceithre chuid san aonad seo. Cloisfidh na hiarrthóirí míreanna nuachta, fógraí, sleachta ó chláracha raidió, comhráite, agallaimh, díospóireachtaí agus cainteanna. Bíonn thart ar tríocha sé mhír ar fad ann agus is iad seo na cineálacha tascanna a bhíonn i gceist: ceisteanna iolroghnacha, ceisteanna le freagraí gearra, agus críochnú abairtí.
Fad an scrúdaithe: Thart ar 35 nóiméad.
Ualú: Tá 25% den mharc iomlán ag gabháil don Scrúdú Cluasthuisceana.

An Scrúdú Léamhthuisceana

Leagan amach: Tá trí chuid san aonad seo. Léifidh an t-iarrthóir téacsanna éagsúla: ailt, cuntais, léirmheasanna, litreacha foirmeálta, bróisiúir agus píosaí ó leabhair, leathanaigh Idirlín, litreacha, srl. Bíonn thart ar fiche mír ann agus is iad seo na cineálacha tascanna a bhíonn i gceist: meaitseáil, ceisteanna iolroghnacha agus ceisteanna le freagraí gearra.
Fad an scrúdaithe: 135 nóiméad don Scrúdú Léamhthuisceana agus don Scrúdú Scríofa le chéile. 
Ualú: Tá 25% den mharc iomlán ag gabháil don Scrúdú Léamhthuisceana.

An Scrúdú Scríofa agus Úsáid na Gaeilge

Leagan amach: Tá trí thasc san aonad seo. Sa chéad tasc, bíonn ar an iarrthóir litir a scríobh ag tabhairt freagra ar phointí áirithe i ríomhphost/litir/fógra. Sa dara tasc, caithfidh an t-iarrthóir léirmheas, alt nó aiste a scríobh. Tugtar rogha idir dhá thopaic dó. Sa tríú tasc, tá ar an iarrthóir eagarthóireacht a dhéanamh ar théacs gearr.
Fad an scrúdaithe:135 nóiméad don Scrúdú Léamhthuisceana agus don Scrúdú Scríofa le chéile.
Ualú: Tá 20% den mharc iomlán ag gabháil don Scrúdú Scríofa.

Torthaí

Bronntar na grádanna a leanas sa scrúdú seo: Pas, Pas le Tuilteanas, Pas le Gradam. Is é 60% den mharc iomlán an pasmharc. Bronntar teastas ar na hiarrthóirí a éiríonn leo sa scrúdú.

Tuilleadh eolais ó: www.teg.ie

Top of the page