ALTE logo - click for home page
Back to list of ALTE members
 
About Alte Members Framework and Can-Do Quality assurance Projects Events & Information
Gaeilge

Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad

An Córas Scrúdaithe

Scrúdú Bonnleibhéal 1

Scrúdú Bonnleibhéal 2

Scrúdú Meánleibhéal 1

Scrúdú Meánleibhéal 2

 

An Córas Scrúdaithe

Dearadh agus Réamhthástáil

1.1 Roghnú Ábhar

Cuireann comhairleoirí seachtracha agus foireann Ionad na dTeangacha ábhair scrúdaithe atá bunaithe ar shonraí scrúdaithe agus ar shiollabais le chéile. Roghnaíonn siad ábhair ó fhoinsí éagsúla, ina measc, nuachtáin agus irisí, fógraí, raidió agus teilifís; deartear méid áirithe ábhar nua. Déantar na hábhair a roghnú de réir na gcritéar seo:

  • Scileanna ar gá measúnú a dhéanamh orthu
  • Deacracht teanga
  • Topaicí
  • Cineálacha míreanna agus tascanna
  • Cúrsaí cultúrtha agus canúna

Ag na leibhéil ísle, sé sin Bonnleibhéal 1 agus Bonnleibhéal 2, athchóirítear na hábhair dhílse chun go mbeidh siad fóirsteanach do na scrúduithe. Úsáidtear roinnt ábhar dílse i scrúduithe Meánleibhéal 1 agus Meánleibhéal 2.

1.2 Ag Scríobh Míreanna Scrúdaithe

Is múinteoirí agus scrúdaitheoirí a bhfuil taithí na mblianta acu a scríobhann míreanna na scrúduithe. Baintear úsáid mhór as an Treoir do Scríbhneoirí Míreanna (Item Writer Guidelines) agus oiliúint á cur ar lucht scríofa na míreanna. Is é Coiste Tástála na hOllscoile, ar a bhfuil saineolaithe Gaeilge, múinteoirí a bhfuil taithí acu i múineadh na Gaeilge d’aosaigh, agus saineolaithe tástála, a dhéanann an chéad athbhreithniú ar na hábhair. Tar éis mionphlé, is féidir leis an gCoiste roinnt athruithe a mholadh agus is ansin a dhéantar an chéad dréacht den scrúdú.

1.3 Réamhthástáil

De bharr chúrsaí slándála agus an líon teoranta iarrthóirí atá ar fáil don réamhthástáil, ní dhéantar aon réamhthástáil ar na hábhair faoi láthair. Déantar an scrúdú a phíolótú ar ghrúpa beag iarrthóirí, áfach, agus tugann sé seo deis dúinn an drochmhír a cheartú agus a athscríobh. Iarrtar aischothú ar mhúinteoirí a bhfuil taithí acu sa réimse i dtaobh na gceisteanna agus na dtascanna.

2.1 Márcáil

Déantar gach gné den scrúdú a ghrádú in Ionad na dTeangacha. Is measúnóirí oilte a dhéanann an obair seo. Bíonn beirt scrúdaitheoirí i láthair ag gach béaltriail (scrúdaitheoir agus comhchainteoir) agus déanann siad measúnú ar chumas an iarrthóra. Déantar gach béaltriail a thaifeadadh agus déanann scrúdaitheoirí oilte an Ionaid na béaltrialacha go léir a mheasúnú. Tugtar eochracha scórála cuimsitheacha do thascanna éagsúla na béaltrialach do na scrúdaitheoirí.

2.2 Oiliúint

Caithfidh scrúdaitheoirí agus comhchainteoirí na béaltrialach freastal ar cheardlanna oiliúna a eagraíonn Ionad na dTeangacha. Reachtáltar na ceardlanna seo san Ionad. Cuirtear ceardlanna oiliúna ar leith ar fáil do gach leibhéal.

2.3 Seiceáil

Déantar seiceáil randamach ar scripteanna scrúduithe Bonnleibhéal 1, Bonnleibhéal 2 agus Meánleibhéal 1. Grádaíonn beirt gach script ag Meánleibhéal 2 agus má bhíonn difríocht sna grádanna grádaítear í an tríú huair sula mbronntar an marc deireanach. Cuirtear seiceanna cléireachais i bhfeidhm freisin ar mhaithe le bailíocht.

2.4 Torthaí

Seoltar na torthaí go díreach chuig gach iarrthóir idir sé agus ocht seachtaine tar éis an scrúdaithe. Cuirtear teastas chuig gach iarrthóir a éiríonn leis sa scrúdú thart ar deich seachtaine tar éis dáta an scrúdaithe. Bronntar marc foriomlán ar iarrthóirí a dhéanann scrúduithe Bonnleibhéal 1, Bonnleibhéal 2 agus Meánleibhéal 1. Bronntar marc foriomlán ar iarrthóirí Meanleibhéal 2 agus tugtar briseadh síos ar na marcanna sin i ngach ceann de na ceithre scil: caint, cluastuiscint, léamhthuiscint agus scríobh.

2.5 Slándáil

Tá nósanna imeachta sábháilteachta curtha i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil gach céim den phróiseas scrúdaithe slán. Nuair a bhíonn scrúduithe ar siúl in ionaid taobh amuigh den Ollscoil féin, ainmníonn Ionad na dTeangacha ball sinsearach foirne chun nósanna imeachta a bhaineann le riarachán agus stiúradh na scrúduithe a mhaoirsiú, agus na scripteanna agus torthaí na béaltrialach a bhailiú agus a sheoladh.  Déantar dátaí na scrúduithe a roghnú go cúramach agus déantar na páipéir scrúdaithe a phriontáil in Ollscoil na hÉireann Má Nuad.

Top of the page