Members
Bunaíodh Ionad na dTeangacha mar chuid d’Ollscoil na hÉireann i 1972. Cuireann an tIonad tacaíocht acadúil ar fáil do ranna teanga na hOllscoile agus eagraíonn sé ranganna teagaisc i ndeich dteanga do mhic léinn, do bhaill foirne agus don phobal. Is cuid lárnach d’obair an Ionaid oideachas na Gaeilge agus eagraítear cláir acadúla faoi scáth an Ionaid a bhfuil cáilíochtaí Ollscoil na hÉireann ag gabháil leo.
Sa bhliain 2005, bhunaigh Ionad na dTeangacha Teastas Eorpach na Gaeilge (teg), córas scrúdaithe dírithe ar aosaigh atá ag foghlaim Gaeilge. Eagraíonn an tIonad scrúduithe ag cúig leibhéal cumais:
Is ionann iad seo agus leibhéil A1, A2, B1, B2 agus C1 ar an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha.
Reachtáltar na scrúduithe uair sa bhliain in Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Eagraítear scrúduithe Bhonnleibhéal 1, Bhonnleibhéal 2, Mheánleibhéal 1 agus Mheánleibhéal 2 i dtrí ionad eile sna príomhcheantair Ghaeltachta chomh maith agus tairiscítear scrúdú Bhonnleibhéal 1 i bPáras na Fraince, i Nua Eabhrac, i Cambridge Shasana agus i bPrág na Seice. Bíonn scrúdú Bhonnleibhéal 2 ar siúl i bPáras na Fraince freisin. Is féidir teacht ar gach eolas a bhaineann leis na scrúduithe seo (siollabais, páipéir shamplacha, dátaí agus socruithe eile cláraithe) ag www.teg.ie. Seoltar torthaí na scrúduithe chuig na hiarrthóirí tuairim is sé/ocht seachtaine tar éis an scrúdaithe.
Tuilleadh eolais ó:
Aisling Ní Bheacháin
Ionad na dTeangacha
Ollscoil na hÉireann Má Nuad
Co Chill Dara
Ríomhphost: info@teg.ie
Suíomh Idirlín: www.teg.ie
Teileafón: 00 353 (0) 1 7086417