Members
Tá ceithre aonad sa scrúdú seo:
Leagan amach: Cuirtear scrúdú ar gach iarrthóir agus é ina aonar. Bíonn scrúdaitheoir amháin agus comhchainteoir amháin i láthair le linn an scrúdaithe. Déantar an bhéaltriail a thaifeadadh. Tá dhá chuid san aonad seo.
Cuid a hAon: Freagraíonn an t-iarrthóir ceisteanna faoi féin agus faoina shaol laethúil (bunaithe ar shonraí an tsiollabais).
Cuid a Dó: Déanann an t-iarrthóir cur síos ar phictiúr nó ar shraith pictiúr.
Fad an scrúdaithe: Thart ar 10 nóiméad
Ualú: Tá 30% den mharc iomlán ag gabháil don aonad seo. Tá Cuid a hAon agus Cuid a Dó ar chomh-mharc
Leagan amach: Tá ceithre chuid san aonad seo. Cloisfidh an t-iarrthóir fógraí, comhráite, agallaimh, díospóireachtaí agus cainteanna. Bíonn thart ar tríocha mír ar fad ann agus is iad seo na cineálacha tascanna a bhíonn i gceist: ceisteanna iolroghnacha, ceisteanna le freagraí gearra agus ceisteanna fíor/bréagach.
Fad an scrúdaithe: Thart ar 25 nóiméad.
Ualú: Tá 25% den mharc iomlán ag gabháil don Scrúdú Cluastuisceana.
Leagan amach: Tá trí chuid san aonad seo. Léifidh an t-iarrthóir téacsanna éagsúla: cuntais, léirmheasanna, litreacha foirmeálta, bróisiúir, srl. Bíonn thart ar fiche mír ann agus is iad seo na cineálacha tascanna a bhíonn i gceist: meaitseáil, ceisteanna iolroghnacha agus ceisteanna le freagaí gearra.
Fad an scrúdaithe: 90 nóiméad don Scrúdú Léamhthuisceana agus don Scrúdú Scríofa le chéile.
Ualú: Tá 25% den mharc iomlán ag dul don Scrúdú Léamhthuisceana.
Leagan amach: Tá trí thasc san aonad seo. Sa chéad tasc, bíonn ar an iarrthóir na bearnaí i dtéacs (litir/ríomhphost) a líonadh. Sa dara tasc, caithfidh an t-iarrthóir nóta/litir/ríomhphost gearr a scríobh. Leagtar síos treoirphointí don tasc seo atá le leanúint. Sa tríú tasc, caithfidh an t-iarrthóir litir a scríobh, arís bunaithe ar méid áirithe treoirphointí.
Fad an scrúdaithe: 90 nóiméad don Scrúdú Léamhthuisceana agus don Scrúdú Scríofa.
Ualú: Tá 20% den mharc iomlán ag gabháil don Scrúdú Scríofa.
Bronntar na grádanna a leanas sa scrúdú seo: Pas, Pas le Tuilteanas, Pas le Gradam. Is é 60% den mharc iomlán an pasmharc. Bronntar teastas ar na hiarrthóirí a éiríonn leo sa scrúdú.
Tuilleadh eolais ó: www.teg.ie